Beir beannacht (Friday, March 17th, 2006)

Published by markfromireland in Previous Site at 1:01 am. Skip down to comments or read the others.

Beir beannacht óm chroí go tír na hÉireann,
bánchnoic Éireann Ó,
Chun a maireann de shíolrach Ír is Éibhir
ar bhánchnoic Éireann Ó;
An áit úd ‘nar aoibhinn binnghuth éan
Mar shámhchruit chaoin ag caoineadh Gael,
Mo chás a bheith míle míle i gcéin
ó bánchnoic Éireann Ó.

Bíonn barra bog slím ar chaoinchnoic Éireann,
bánchnoic Éireann Ó,
Is is fearra ná an tír seo díogha gach sléibhe
ar bhánchnoic Éireann Ó;
Is ard a coillte ’s is díreach réidh
Is an bláth mar aol ar mhaoilinn géag,
Tá grádh im’ chroí is im’ intinn féin
do bhánchnoic Éireann Ó.

Ní fhaicim a gcóraid ag gabhóil sa taobh so,
bánchnoic Éireann Ó,
Ní fhaicim a mbólacht dá treor chun féir ann,
bánchnoic Éireann Ó;
Ach barca dá seoladh le fóirneart gaoth,
Is farraigí móra go deo lena dtaobh,
Go bhfaiceathar fós mé im’ chóige féin -
ar bhánchnoic Éireann Ó.

Tá gasra líonmhar i dtír na hÉireann,
bánchnoic Éireann Ó,
D’fhearchoin ghroí ná cloífeadh céadta,
ar bhánchnoic Éireann Ó;
M’atuirse chroí, mo chaoineadh géar!
Iad ag gallaphoic síos fé ghreím, mo léan!
Is a mbailte á ríomh fé chíos go daor -
bánchnoic Éireann Ó.

Is fairsing ’s is muar iad cruacha Éireann,
bánchnoic Éireann Ó;
A cuid meala agus uachtair gluaisid ‘na slaoda
ar bhánchnoic Éireann Ó;
Rachaidh mise ar cuairt nó is luath mo shaol
Don talamh bhig shuairc is dual do Ghaeil,
B’fhearra liom ná duais dá uaisleacht é
bheith ar bhánchnoic Éireann Ó.

Scaiptear an drúcht ar gheamhar ’s ar fhéar ann,
ar bhánchnoic Éireann Ó,
Is tagaid ann úlla cumhra ar géagaibh,
ar bhánchnoic Éireann Ó;
Biolar is samhadh i ngleanntaibh ceoigh
Is na srutha sa tsamhradh ag labhairt ar neoin,
Bíonn maise gheal is clú i gcúilinn óig
ar bhánchnoic Éireann Ó.

Is oscailte fáilí an áit sin Éire,
bánchnoic Éireann Ó,
Bíonn toradh na sláinte i mbarr na déise
ar bhánchnoic Éireann Ó;
Ba bhinne ‘ná méara ar théadaibh ceoil
Ag seinm liom géimneach a lao is a bó,
Bíonn taitneamh na gréine orthu, aosta is óg
ar bhánchnoic Éireann Ó

Mháircaish.
Lá Fhéile Pádraig 2006

No tag for this post.

6 Responses to “ Beir beannacht ” Comments RSS

  1. Siun March 17, 2006 at 4:30 am

    Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh!

  2. Mark from Ireland March 17, 2006 at 7:45 am

    Beatha ’s sláinte agat freisin mo chara Siun.

  3. Kevin O'Malley March 17, 2006 at 8:28 am

    That’s beautiful but oh my God it’s heartbreaking thanks for posting it

  4. Grainne March 17, 2006 at 6:56 pm

    To bron orm, nil moran Gaeilge agam, ach slainte agus saol agaibh.

  5. DairyMaid March 17, 2006 at 9:00 pm

    Have been thinking of you, Mark, and hoping you are well…or getting better!
    Slainte from a fellow FDLer

  6. Siun March 18, 2006 at 8:27 am

    Sláinte Mháircaish!

Leave a Reply